Breithmheastóireacht ar an mBeartaíocht I nDáil le Paindéim COVID-19 Téarmaí Tagartha Phainéal Breithmheastóireachta Neamhspleách na Paindéime
1. Cuspóirí
- Cuntas fíorasach a chur ar fáil ar an straitéis agus ar an gcur chuige go forghinearálta maidir le pleanáil don phaindéim agus déileáil leis an bpaindéim in Éirinn (i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 28 Feabhra 2022).
- An chiall cheannaithe maidir le feidhmiú an chórais sláinte agus an chórais cúraim shóisialta agus i ndáil le beartaíocht an Rialtais go ginearálta i mbun bainistíochta agus maolúcháin maidir le réimsí baoil a shonrú ina lón foghlama.
- Bunphrionsabail agus próisis a mholadh mar ábhar treorach i ndáil le déanamh cinntí san am atá romhainn i gcomhthéacs lena mbaineann ábhar baoil so-athraitheach ar scála den sórt céanna agus ar feadh tréimhse den chineál céanna le paindéim COVID-19.
2. RAON
- Cuntas fíorasach a chur ar fáil ar an straitéis agus ar an gcur chuige go forghinearálta maidir le pleanáil do dhéileáil leis an bpaindéim, lena n-áirítear na córais agus na próisis (Coistí Comh-Aireachta, an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, an Fóram Eacnamaíoch Fostóirí agus Lucht Saothair, rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara) a cuireadh ar bun i dtaca le déanamh cinntí agus beartaíocht ar fud an Rialtais.
- An lón foghlama a thabhairt chun suntais, lena n-áirítear nithe a raibh dea-thoradh orthu, agus sin le haird ar:
- Feidhmiú an chórais sláinte agus an chúraim shóisialta go foriomlán; agus
- Torthaí tionchair, ar an toirt agus go fadtéarmach, ar an duine, ar an teaghlach agus ar an bpobal de bharr bearta neamhchógaisíochta agus bheartaíocht an Rialtais i ndáil le baol
galair a bhainistiú agus a mhaolú i bhfianaise aidhmeanna beartais maidir le hearnálacha éagsúla nach mbeadh ag teacht le chéile (lena n-áirítear an tionchar a bhí ag réimse bearta tacaíochta i ndáil le hearnálacha, cúrsaí gnó/eacnamaíochta agus ioncam pearsanta).
- Tabhairt faoi mhodúl oibre d’fhonn:
- iniúchadh a dhéanamh ar an mbeartaíocht i ndáil le COVID-19 i saoráidí cúraim cónaitheacha fadtéarmacha do dhaoine aosta, le haird faoi leith ar thuarascáil Phainéal na Saineolaithe maidir le Tithe Altranais, ar thuairiscí ina dhiaidh sin ar an dul chun cinn maidir le cúrsaí forfheidhmiúcháin, agus aon toradh a bhaineann le hábhar ar anailís cáipéisíochta agus ar bhailiú faisnéise (lena n-áirítear taithí dáiríre na dteaghlach a fágadh faoi mhéala); agus
- A. an lón foghlama a mheas go foriomlán mar ghné dá gcuid oibre.
- Moltaí a chur chun cinn faoi bhunphrionsabail agus faoi phróisis trínar féidir:
- treisiú le déanamh cinntí agus le cúrsaí follasachta;
- cuidiú le gnéithe casta i ndáil le bearta cúitimh a bheadh á bplé a mheas agus a thabhairt ar an gcothrom i ndáil freisin leis an ngá feidhmiú go luathbheartach agus go sochóirithe sna cásanna atá i gceist; agus
- creat oibre a chur chun cinn trína gcinntítear go ndéantar próisis an daonlathais agus cearta sibhialta a chaomhnú i gcomhthéacs bearta ar fud na sochaí uile lena mbaineann ábhar baoil so-athraitheach ar scála den sórt seo agus ar feadh tréimhse den chineál seo.
Eisiaimh/Lasmuigh den Raon
- Ceisteanna cliniciúla amhail na cinntí cliniciúla ar leith a rinne cliniceoirí aonair le linn phaindéim COVID-19 maidir le cúram daoine aonair;
- Eisiamh ginearálta maidir le straitéisí agus bearta eile a ceapadh mar bheartaíocht i ndáil le COVID-19 a chur i bhfeidhm in earnálacha nó i suíomhanna sonracha (seachas mar a fhoráiltear thuas i ndáil leis an modúl maidir le suíomhanna cúraim cónaitheacha fadtéarmacha lena scrúdaítear cur chun feidhme san earnáil sin agus an bheartaíocht ar mholtaí Phainéal na Saineolaithe) nó cásanna/ráigeanna aonair;
- Eipidéimeolaíocht shonrach víreas COVID-19 agus athraithigh de; agus
- Éifeachtúlacht vacsaíne agus torthaí díobhálacha.
Moltar eisiaimh chun dúbláil a sheachaint le hobair eile, lena n-áirítear gnáthghníomhaíochtaí comhlachtaí rialála éagsúla eile sa bhaile agus go hidirnáisiúnta. Is léiriú é sin freisin ar an bhfócas ar thorthaí na breithmheastóireachta a úsáid chun ullmhú do bheartaíocht amach anseo.
3. Torthaí/ Tuairiscí Insoláthartha
Ba chóir don Phainéal Breithmheastóireachta tuairisc dheiridh a chur faoi bhráid an Taoisigh tuairim is 12-18 mí.
Is féidir leis an bPainéal Breithmheastóireachta tuairiscí eatramhacha ar mhodúil shonracha a chur faoi bhráid faoi réimsí ar bith más inmholta de réir na breithmheastóireachta bearta feabhsúcháin nó athruithe gan mhoill i ndáil le beartas, córas nó gnás.
Comhaltas
An tOllamh Anne Scott
[Deimhneofar comhaltaí eile ar phainéal na saineolaithe sna seachtainí amach romhainn.]
Cathaoirleach
Féadfaidh an Cathaoirleach úsáid a bhaint as saineolas ábhartha breise de réir mar is gá. Ní bheidh iadsan a raibh baint go díreach acu le próiseas dhéanamh na gcinntí i ndáil leis an bpaindéim i measc na saineolaithe.