Fúin

Tá sé de chúram ar Phainéal Measúnaithe COVID-19, a bhfuil an tOllamh Anne Scott ina cathaoirleach air, Tuarascáil chuimsitheach neamhspleách a thiomsú, de réir a Théarmaí Tagartha chuig:

Cuntas fíorasach a chur ar fáil ar an straitéis agus ar an gcur chuige go forghinearálta maidir le pleanáil don phaindéim agus déileáil leis an bpaindéim in Éirinn (i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 28 Feabhra 2022);
An chiall cheannaithe maidir le feidhmiú an chórais sláinte agus an chórais cúraim shóisialta agus i ndáil le beartaíocht an Rialtais go ginearálta i mbun bainistíochta agus maolúcháin maidir le réimsí baoil a shonrú ina lón foghlama; agus
Bunphrionsabail agus próisis a mholadh mar ábhar treorach i ndáil le déanamh cinntí san am atá romhainn i gcomhthéacs lena mbaineann ábhar baoil so-athraitheach ar scála den sórt céanna agus ar feadh tréimhse den chineál céanna le paindéim COVID-19.

Féachtar, trí chur chuige lena mbaineann tréithe na follasachta agus an chomhair agus lena seachnaítear tréithe sáraíochta agus freasúrachta, le muinín an phobail a chothú sa phlean oibre. Tabharfar faoi chlár céimnithe oibre le gnéithe forluiteacha, ag leanúint le cur chuige modheolaíochta leathan agus éagsúil. Ar ábhar fianaise a bhunófar agus leas á bhaint as cáipéisí, sonraí, saothar taighde agus tuarascálacha; chomh maith le haighneachtaí agus comhairliúchán níos fairsinge.

Cuirfidh an Painéal Meastóireachta a thuarascáil deiridh faoi bhráid an Taoisigh thart ar 12-18 mí tar éis tosú. Ina theannta sin, féadfaidh an Painéal Meastóireachta tuarascálacha eatramhacha a thíolacadh ar ábhair a díríonn measúnú ar fheabhsuithe nó ar athruithe láithreacha beartais, córais nó cleachtais. Leagann a Téarmaí Tagartha amach go sainráite freisin réimsí nach dtagann faoi scáth an obair Breithmheastóireachta, amhail cinntí cliniciúla a rinne cliniceoirí aonair le linn na paindéime COVID-19 agus eipidéimeolaíocht shonrach an víris COVID-19 agus a athraitheacha.

Cathaoirleach Phainéal Breithmheastóireachta COVID-19

Ollamh Emerita in Ollscoil na Gaillimhe an tOllamh Scott. Bhí poist éagsúla ceannasaíochta aici in earnáil na hollscolaíochta in Éirinn agus i Sasana i rith a ré gairme, ina measc Ceann Scoile, Déanach Feidhmiúcháin, Leas-Uachtarán – Comhionannas agus Iléagsúlacht (Ollscoil na Gaillimhe 2016 – 2021), agus Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath 2006 – 2012).

Is Altra Ginearálta Cláraithe í agus tá céim BA san Fhealsúnacht agus sa tSíceolaíocht aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, céim MSc ó Ollscoil Dhún Éideann agus céim PhD san Fhealsúnacht ó Ollscoil Ghlaschú. Shaothraigh sí i mbun obair clinice agus obair léinn in Éirinn, in Albain, sa Chéinia agus i Sasana. Shaothraigh sí i mbun obair clinice agus obair léinn in Éirinn, in Albain, sa Chéinia agus i Sasana.

Tá taithí agus eolas forleitheadach ag an Ollamh Scott ar chóras cúraim sláinte na hÉireann.

Áiríonn an tOllamh Scott ar a cuid réimsí spéise maidir le hobair taighde, gnéithe fealsúnachta agus eitice den chúram sláinte, meábhreithiúnas agus déanamh cinntí i mbun obair clinice, agus taighde ar sheirbhísí sláinte le béim ar an lucht saothair sláinte.

Painéal Breithmheastóireachta COVID-19

Tá an painéal neamhspleách ildisciplíneach agus tá an saineolas riachtanach acu chun tacú le réimsí éagsúla na Breithmheastóireachta.

An tOllamh David Heymann

Is eipidéimeolaí leighis é David Heymann agus tá sé ina Ollamh le hEipidéimeolaíocht Galair Tógálacha sa London School of Hygiene and Tropical Medicine. Bhí sé ina chathaoirleach ar UK Health Protection Agency ó 2009 go 2007 agus ansin ar Public Health England, agus i rith na tréimhse seo threoraigh sé an Centre on Global Health Security at Chatham House (London). Bhí Heymann i bpoist cheannaireachta éagsúla idir 1989 agus 2009 maidir le galair thógálacha san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus in 2003, ina ról mar stiúrthóir feidhmiúcháin ar ghalair theagmhálacha, bhí sé i gceannas ar fhreagairt dhomhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar SARS.

In 1976, tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh in India ag fiosrú dhíothú na bolgaí, bhí Heymann ina bhall d’fhoireann CDC (Atlanta) chun an chéad bhriseadh amach den Ebola i DRC agus d’fhan sé san Afraic fho-Shahárach ar feadh 13 bliana i bpoist taighde allamuigh éagsúla ar Ebola, bolgach mhoncaí, Lassa Fever, maláire agus galair thrópaiceacha eile. Tá níos mó ná 275 alt phiarmheasúnaithe agus caibidlí leabhair foilsithe ag Heymann. Tá sé ina eagarthóir ar Control of Communicable Diseases Manual, chomh maith le bheith ina bhall tofa de chuid UK Academy of Medical Sciences agus an US National Academy of Medicine.

Táthar i mbun comhaltaí eile don phainéal a thabhairt chun suntais faoi láthair agus a gcuid comhaltachta a dheimhniú Ní bheidh aon duine a raibh baint go díreach aige nó aici le próiseas dhéanamh na gcinntí i ndáil leis an bpaindéim i measc na gcomhaltaí.

Is féidir leis an bPainéal freisin saineolas daoine i réimsí níos forleithne arís a thapú más gá.

Meitheal ar leith de státseirbhísí ar iasacht a chuirfidh cúnamh taca rúnaíochta ar fáil don Phainéal Breithmheastóireachta.