An t-eolas is déanaí ar luathobair Bhreithmheastóireacht COVID-19
11/03/2025
Le cúpla seachtain anuas, tá Breithmheastóireacht COVID-19 dírithe ar obair ullmhúcháin agus ar bheith ag cur leis an bhfoireann.
Tá an-áthas ar an gCathaoirleach a dheimhniú go bhfuil an tOllamh David Heymann le bheith ar an bPainéal Breithmheastóireachta. Roinnfidh seisean an saibhreas de thaithí idirnáisiúnta atá aige i gcúrsaí sláinte leis an bpainéal. Tá an Bhreithmheastóireacht ag tnúth le cur le ballraíocht an phainéil, agus táthar i mbun próisis faoi láthair chun comhaltaí a aithint agus/nó a dheimhniú.
I gcomhréir lena Chlár Oibre céimnithe, tá faisnéis forléargais tosaigh iarrtha ag an gCathaoirleach ó Ranna Rialtais agus ó phríomhghníomhaireachtaí a raibh baint dhíreach acu le bainistiú na hÉireann ar an bpaindéim. Tacóidh an fhianaise seo leis an bPainéal Breithmheastóireachta cuntas fíorasach a chur i dtoll a chéile ar an straitéis fhoriomlán agus ar an gcur chuige foriomlán i leith phleanáil agus láimhseáil na paindéime. Cuirfidh sé buneolas ar fáil freisin tráth a mbeidh machnamh á dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh.
Agus comóradh 5 bliana na paindéime buailte linn, tá tús á chur ag an mBreithmheastóireacht le hobair chúlra ar thionchair fhairsinge na paindéime, tionchair a bhí éagothrom go minic, sula dtabharfar faoi chomhairliúchán agus rannpháirtíocht phoiblí fhorleathan, a bheidh ar siúl sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.