Sna seachtainí atá amach romhainn, beidh na deiseanna ar fáil do thaithí féin ar ré na paindéime a chur in iúl ar an láithreán gréasáin seo. Idir an dá linn, leagtar amach thíos an cur chuige atá beartaithe don chomhairliúchán maidir leis an mBreithmheastóireacht.

An Cur Chuige atá Beartaithe maidir le Gnéithe Comhairliúcháin agus Comhchaidrimh

Déanfar bearta comhairliúcháin ina gcéimeanna agus ar bhealach lánchuimsitheach ag teacht go tráthúil leis an gcéim den obair Bhreithmheastóireachta atá ar siúl ag an am. Beifear báúil tuisceanach i mbun an chomhchaidrimh agus beidh fáilte roimh thuairimí éagsúla.

Tá fonn ar an mBreithmheastóireacht tuiscint a fháil ar thaithí dreamanna éagsúla ar fud shochaí na hÉireann ar fad. Déanfar comhairliúchán go forleathan d’fhonn sin a thabhairt i gcrích d’fhonn eolas a fháil ar thaithí saoil na ndaoine i rith na paindéime chomh maith le gnéithe eacnamaíochta agus sóisialta agus cúrsaí sláinte poiblí agus cearta an duine a thabhairt san áireamh. Díreofar ina dhiaidh sin ar dheiseanna do dhaoine agus d’ionadaithe sainiúla eolas níos mionsonraithe a chur ar fáil. Féachtar leis an gcur chuige ilghnéitheach seo leis an rannpháirtíocht is fairsinge is féidir a chinntiú.

Cuirfear na príomhthéamaí agus na príomhréimsí léargais a thagann chun cinn ón mbeartaíocht comhairliúcháin ar fáil ina gcéim agus ina gcéim ar láithreán gréasáin an Phainéil Breithmheastóireachta d’fhonn cur le héifeacht an phróisis.

Féachfar leis na gnéithe seo a leanas a thabhairt san áireamh leis an gcomhairliúchán go foriomlán:

Comhairliúchán poiblí d’fhonn tuairiscí leathanréímseacha a fháil ar thaithí dáiríre na ndaoine.
Sruth faoi leith d’fhonn taithí leanaí agus daoine óga a chloisteáil.
Aighneachtaí arna n-iarraidh ar dhaoine faoi leith, ar dhreamanna faoi leith nó ar ionadaithe dá gcuid.
Seisiúin phríobháideacha nó seisiúin do ghrúpaí de réir mar is cuí d’fhonn léargas níos fearr a fháil ar thaithí dreamanna áirithe ar an bpaindéim, mar shampla cuntas maidir le saoráidí cúraim cónaitheacha fadtéarmacha, cuntas ó dhaoine ar a bhfuil breoiteacht ainsealach agus óna lucht cúraim.
Ócáidí poiblí a ndéanfar sruthchraoladh orthu d’fhonn soláthar do phlé leathanréimseach le daoine mórthábhachtacha den lucht déanta cinntí agus/nó saineolaithe de chuid an phainéil maidir le réimsí ábhair a thagann chun tosaigh.
Deis seisiúin phríobháideacha a eagrú le daoine mórthábhachtacha den lucht déanta cinntí d’fhonn tuiscint níos grinne a fháil ar fhaisnéis agus/nó cíoradh a thabhairt ar ábhar a chuirtear faoi bhráid.