An Clár Oibre atá Beartaithe
Céim i ndiaidh céime a chuirfear chuig clár oibre Phainéal Breithmheastóireachta COVID-19 de réir mar a leagtar amach sna Téarmaí Tagartha chun:
Beidh follasacht, atriall agus an comhar de shaintréithe leis an gcur chuige forghinearálta.
Féachfar le tuiscint shoiléir a chothú ar fud an chórais agus réimsí éagsúla de ar bhainistíocht an Rialtais agus ranna agus ghníomhaireachtaí an rialtais ar an bPaindéim. Feabhsófar é seo trí dhíriú ar fheidhmíocht agus tionchair, chun eolas a chur ar fáil don fhoghlaim. Is gné lárnach den chur chuige seo tuiscint uilechuimsitheach ar thaithí na ndaoine agus ar na bealaí inar chuir an phaindéim isteach ar an saol acu. Cuideoidh breithniú ar bhearta agus ar bhearta cúitimh, an tionchar go fadtéarmach i gcomparáid leis an tionchar go gearrthéarmach san áireamh, lenar tháinig de thoradh na gcinntí agus dhéanamh na gcinntí a shoiléiriú.
Beidh lón eolais den tábhacht ó bhearta comhairliúcháin agus comhchaidrimh, eolas san áireamh faoin gcaoi ar cuireadh isteach ar dhaoine, ar theaghlaigh, ar dhreamanna, ar ghnólachtaí agus ar oibrithe líne tosaigh. Tiocfaidh san áireamh leis sin athbhreithniú a dhéanamh ar phleananna, ar thuarascálacha agus ar obair a bhaineann le hábhar a rinneadh ar fud an Rialtais, agus go hidirnáisiúnta, d’fhonn gnéithe iléagsúla den bheartaíocht fhoriomlán a scrúdú. Tiocfar, ina dhiaidh sin, i mbun caidrimh go díreach leis na príomhdhaoine a bhí i mbun dhéanamh na gcinntí. Ligfidh sin don Phainéal réimsí éagsúla bua agus laige a shonrú chomh maith le modhanna eile nó níos fearr chun cur chuig an gcúram.
Maidir leis an gciall cheannaithe a shonrú, bainfear leas i dtús na hoibre as ábhar taighde agus tuarascálacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta, atá ar fáil go poiblí. Beidh lón eolais den tábhacht ó bhearta comhairliúcháin agus comhchaidrimh, eolas san áireamh faoin gcaoi ar cuireadh isteach ar dhaoine, ar theaghlaigh, ar dhreamanna, ar ghnólachtaí agus ar oibrithe líne tosaigh Beidh iniúchadh ar mhíréir a d’fhéadfadh tarlú maidir leis an tionchar ar dhreamanna éagsúla ina ghné thábhachtach den scrúdú.
Beidh modúl oibre ar leith d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar an bhfreagairt ar COVID-19 i saoráidí cúraim cónaitheacha fadtéarmacha do dhaoine aosta. Bainfidh an modúl seo lón eolais as anailís ar ábhar cáipéisíochta agus as bailiú faisnéise as an nua, ag cur le tuarascáil agus le cur i bhfeidhm an Phainéil Saineolaíthe ar Thithe Altranais. Gné bhuntábhachtach de sin go mbeidh obair chomhairliúcháin agus chomhchaidrimh ag gabháil leis trína ndéanfar cíoradh ar thaithí phearsanta daoine, teaghlaigh a d’fhulaing méala ina measc, Nuair a saothraítear an modúl seo ar leithligh, is féidir fócas domhain a fháil, i bhfianaise a thábhachtaí atá fulaingt na paindéime sna tithe altranais.
Tríd is tríd, beidh moltaí bunaithe ar iomlán obair an Phainéil Breithmheastóireachta, chomh maith le gnáis sárchleachtais, d’fhonn teacht ar ábhar treorach maidir le prionsabail agus modhanna feidhme. Cuideoidh seo le treisiú ar leibhéil ullmhachta a chinntiú sa chás go dtagann géarchéimeanna éigeandála dá leithéid seo sa todhchaí.