Teachtaireacht tosaigh ón gCathaoirleach

07/02/2025

Tosaíodh go hoifigiúil i dtús mí Feabhra ar obair na Breithmheastóireachta leis an gCathaoirleach, an tOllamh Anne Scott i gceannas. Céim tosaigh na Breithmheastóireachta atá ar siúl faoi láthair agus tiocfaidh forás ó thaobh scála as seo go ceann roinnt seachtainí agus míonna. De réir mar a théann an obair Bhreithmheastóireachta ar aghaidh, beidh na tuairiscí is deireanaí á gcur ar fáil go tráthrialta don phobal d’fhonn aird agus tuiscint a chothú agus cuirfear deiseanna comhchaidrimh in iúl freisin.

Sinne a mhair le linn na paindéime, mar aon le gaolta na ndaoine a fuair bás, tá deis againn tairbhe a dhéanamh do ghlúnta na linne seo agus na linne atá le teacht trí mhachnamh a dhéanamh ar ar thit amach agus lón foghlama a shonrú dá réir a chuideodh leis na bearta a shainchóiriú a dhéanfar i ndáil le cásanna géarchéime dá leithéid arís, ar bhealach atá acmhainneach, báúil, cothrom agus éifeachtúil.
An tOllamh Anne Scott