Déanfar leis an mBreithmheastóireacht an bhainistíocht i ndáil leis an bpaindéim in Éirinn agus toradh na paindéime ar shaol na ndaoine a mheas.


Eintiteas neamhspleách neamhreachtúil is ea Breithmheastóireacht COVID-19 na hÉireann ar a ndéanfaidh an tOllamh Anne Scott cathaoirleacht. I gcomhréir leis na Téarmaí Tagartha, ciall cheannaithe agus lón foghlama is cuspóir ghinearálta don Bhreithmheastóireacht. Tagann faoi scáth réimse leathan an chúraim an bheartaíocht i leith na paindéime sna hospidéil, i measc an phobail agus i dtithe altranais, chomh maith leis an tionchar forghinearálta ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar fud na sochaí

Tuarascáil chuimsitheach an toradh saothair ar obair na Breithmheastóireachta tar éis modh oibre aimsithe fíricí a shaothrú. Bainfear leas as cáipéisí agus tuairiscí eile a iarrtar; as ábhar taighde agus tuarascálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann leis an gcúram; agus as comhairliúchán leathanréimseach d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar thaithí saoil na ndaoine dáiríre le linn na paindéime.

An Clár Oibre

Léargas cruinn a fháil ar an mbainistíocht i leith na paindéime.

Feidhmiú an chórais sláinte agus an chórais cúraim shóisialta a mheas ar mhaithe le lón foghlama agus breithmheas a thabhairt réimsí tionchair dáiríre ar fud na sochaí go léir.

Iniúchadh a dhéanamh maidir le saoráidí cúraim cónaitheacha fadtéarmacha do dhaoine aosta, le béim faoi leith ar an méid a thit amach i gcás teaghlach a fágadh faoi mhéala.

Moltaí a chur chun tosaigh maidir le cur chuige bainistíochta i gcásanna géarchéime trína dtreisítear le déanamh cinntí, trína bhfreastalaítear do chothromú cúitimh a láimhseáil agus trína gcaomhnaítear an daonlathas agus cearta an duine.

De réir mar a théann an Bhreithmheastóireacht ar aghaidh, tabharfar na tuairiscí is deireanaí faoin Rannóg: Nuacht agus an tEolas is Déanaí.

Beidh eolas faoi mhodhanna inar féidir le daoine ceangal go díreach le hobair an Phainéil Breithmheastóireachta, ar fáil faoin Rannóg: Do Thaithí Féin a chur in iúl sna seachtainí atá romhainn.

Anne Scott

Teachtaireacht tosaigh ón gCathaoirleach

7 Feabhra 2025

Sinne a mhair le linn na paindéime, mar aon le gaolta na ndaoine a fuair bás, tá deis againn tairbhe a dhéanamh do ghlúnta na linne seo agus na linne atá le teacht trí mhachnamh a dhéanamh ar ar thit amach agus lón foghlama a shonrú dá réir a chuideodh leis na bearta a shainchóiriú a dhéanfar i ndáil le cásanna géarchéime dá leithéid arís, ar bhealach atá acmhainneach, báúil, cothrom agus éifeachtúil.
An tOllamh Anne Scott

Nuacht agus an tEolas is Déanaí

Teachtaireacht tosaigh ón gCathaoirleach

7 Feabhra 2025